Gaelcholáiste Dhoire

Turas go hAlbain 2017

Year 9 and 10 students went to Scotland in October to participate in the International Shinty/Hurling competition.
27-Deireadh Fómhair-17
Turas go hAlbain 2017

Ár mbuíochas le Iomairt Cholm Cille a thacaigh leis an scoil le páirt a ghlacadh i Mód na hAlban an téarma seo.

Thaistil 50 dalta agus duine fásta go hAlbain don deireadh seachtaine agus bhain gach duine an sult agus tairbhe as an turas. Bhí na daltaí i láthair agus an Mód ag tosnú agus thaitin an ceolchoirm spleodrach a chur lucht na Gaidhlige ar fáil go mór leo.

Níor éirigh le foireann na scoile an bua a fháil ar ár gcomhghleacaithe Albanacha agus is cinnte go nglacfaidh sé bliain nó dhó ar dhaltaí an Ghaelcholáiste dul i dtaithí ar na comhrialacha iomána agus camánachta. Beimid ag cleachtadh, áfach, agus is cinnte go mbeidh seift nó dhó ullmhaithe againn don chéad uair eile a mbuailfimid lenár gcairde Ceilteacha i 2018.

Cuireadh fáilte is fiche romhainn thall agus buíochas ar leith do na ceoltóirí agus damhsoirí Albanacha a chur Céilí den chéad scoth ar fáil dúinn oíche Shathairn- táimid ag dúil go mór le cuairt ó Scoil Ard na Murchan agus a múinteoir Colm Ó Rua gan mhoill.


Year 9 and 10 students went to Scotland in October to participate in the International Shinty/Hurling competition. Representing Ireland, the Gaelcholáiste team were narrowly beaten by Scotland’s finest, however the students and staff had a great weekend and made it back home just before Orphelia struck!

No events found
10-Ean-2024
Tá fáilte roimh thuismitheoirí / chaomhnóirí pháistí Rang 7 nach féidir freastal ar an lá oscailte teacht chuig an scoil Dé Máirt 16ú Eanáir idir 6-7 in. Parents/guardians of P7 children who are unable to attend the Open Day are welcome to visit the
Caisleán Dhún Geimhin, Dún Geimhin, Co Dhoire, BT47 4LF.
028 7774 1015
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste Dhoire