Gaelcholáiste Dhoire

An chéad scothréalt bainte amach ag dalta Ghaelcholáiste Dhoire

History was made this term when one of our Gaelcholáiste pupils was awarded an Ulster Camogie Allstar. Cliodhna Ní Mhianáin attended trials with the most accomplished players across all schools and was selected for this
03-Eanáir-20
An chéad scothréalt bainte amach ag dalta Ghaelcholáiste Dhoire

Is minic Cliodhna ag déanamh éachtaí ar pháirc na himeartha dá club, dá contae agus ar ndóigh, dá scoil. D’imir Cliodhna ról lárnach i mbuanna na camógaíochta ar scoil, go háirithe nuair a bhain muid cluiche ceannais Uladh i 2017- ní aon iontas é go bhfuilimid ar ais sa chluiche ceannais arís i mbliana i don tríú bhliain as a chéile. Go deimhin, is céim mhór chun tosaigh é go bhfuilimid sa chluiche ceannais Sinsearach i mbliana! Beidh an cluiche sin á imirt i mí Eanáir.

Is eiseamláir iontach í Cliodhna ar an chuid is fearr den lúthchleasaíocht agus do na cluichí foirne. Spreagann sí a chomhimreoirí agus bíonn sí ina rólchuspa an-dearfach do na himreoirí óga atá ag teacht ina diaidh. Comhghairdeas ó chroí le Cliodhna ar an ghradam iontach seo a bhaint amach- gradam atá tuillte go maith aici!


History was made this term when one of our Gaelcholáiste pupils was awarded an Ulster Camogie Allstar. Cliodhna Ní Mhianáin attended trials with the most accomplished players across all schools and was selected for this prestigious award. Maith thú a Chliodhna!

Meith 03
2026
Scrúduithe Inmheánacha || Internal examinations
Meith 04
2026
Cuairt ar an Chaisleán Rang 5 - daltaí sa bhaile || Primary 5 Cuairt ar an Chaisleán - Pupils at home
Meith 11
2026
Lá Spóirt || Sports day
Meith 12
2026
Bronnadh Duaiseanna Bliain 8, 9 & 10 || Year 8, 9 & 10 Prizegiving ceremony
© 2026 Gaelcholáiste Dhoire