Gaelcholáiste Dhoire

Foireann teagaisc na scoile ag méadú i rith an ama!

The Gaelcholáiste has welcomed a new influx of teachers to the school, many of whom are teachers of specialist subjects such as English, Music, Health & Social Care and PE. There is a healthy mixture of experienced and newly
25-Meán Fómhair-20

Chuir muid fáilte roimh chúigear mhúinteoir nua i mbliana. Beirt nach bhfuil Gaeilge líofa acu: Christina, atá ag clúdach tréimhse mháithreachais Eveleen mar mhúinteoir Béarla agus Chrissy McKaigue a bhí ag obair linn anuraidh ar bhonn páirtaimseartha. Is captaen foireann peile an chontae é Chrissy agus tá sé ag breathnú ar an phost anseo mar dheis le cluichí Gaelacha a chur chun cinn, leis an Ghaeilge a fhoghlaim agus le bheith páirteach i dtionscnamh spreagúil sa cheantar.

Chaith Sorcha Ní Mháirtín roinnt blianta ag obair i gColáiste Feirste agus tá sí ag teagasc Sláinte agus Cúram Sóisialta anseo mar aon le hEacnamaíocht Bhaile. Is ceoltóir traidisiúnta í Eimhéar Ní Mhaolchalainn atá ag teagasc an cheoil le fada agus is múinteoir é Seán Céitinn le deich mbliana taithí mar mhúinteoir Gaeilge agus mar mhúinteoir bunscoile i Londain.

Guímid gach rath ar na múinteoirí nua i nGaelcholáiste Dhoire agus tá súil againn go n-éiríonn go geal leo sa scoil.


The Gaelcholáiste has welcomed a new influx of teachers to the school, many of whom are teachers of specialist subjects such as English, Music, Health & Social Care and PE. There is a healthy mixture of experienced and newly qualified teachers who bring a wealth of wisdom and energy to the teaching faculty.

Chrissy McKaigue has joined the staff to bolster the PE department and hopes to improve his Irish while working with the school - and he has passed his Fáinne exam recently! Christina Jennings is covering a maternity period for Eveleen who had a baby girl during the summer. We also have Sorcha Ní Mháirtín (Health and Social Care), Eimhéar Ní Mhaolchalainn (Music) and Sean Céitinn (General Subjects).

No events found
10-Ean-2024
Tá fáilte roimh thuismitheoirí / chaomhnóirí pháistí Rang 7 nach féidir freastal ar an lá oscailte teacht chuig an scoil Dé Máirt 16ú Eanáir idir 6-7 in. Parents/guardians of P7 children who are unable to attend the Open Day are welcome to visit the
Caisleán Dhún Geimhin, Dún Geimhin, Co Dhoire, BT47 4LF.
028 7774 1015
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste Dhoire