Gaelcholáiste Dhoire

Is aoibhinn saol an chúntóra

Gaelcholáiste Dhoire has a support staff team that is second to none. Classroom assistants form an integral part of that team and we are very lucky to have a mixture of youthful energy as well as experience on that team.
15-Eanáir-21

Is cuid lárnach den fhoireann atá againn ar scoil na cúntóirí ranga agus táimid iontach buíoch as an obair agus an dúthracht a léiríonn siad ina gcuid oibre.

Tá taithí fhada ag cuid acu sa ról i scoileanna eile. Bhí Emma mar chomhordaitheoir naíscoile ar feadh na mblianta, chaith Alvina breis agus deich mbliana ag obair sa ról seo i nGaelscoil na bhFál agus bhí Muiris ag obair mar mhúinteoir i gColáiste Breis-Oideachais sular éirigh sé as.

Tá cohórt eile cúntóirí againn atá i ndiaidh céim sa Ghaeilge nó in ábhar eile a chríochnú agus atá ag obair sa ról seo le taithí a fháil ar an Ghaelscolaíocht.

Tacaíonn na cúntóirí leis an fhoghlaim ar scoil agus ar líne tríd bheith ag obair go díreach le daltaí sna seomraí ranga, i ngrúpaí beaga nó go haonarach. Faoi láthair táthar ag óstáil ranganna ar líne agus ag bualadh lena ndaltaí go fíorúil. Cuireann tuismitheoirí na ndaltaí agus údaráis na scoile an-luach ar obair na gcúntóirí. Aithnímid go bhfuil ról barrthábhachtach acu sa scoil agus cuirtear gach deis ar fáil dóibh le taithí agus cáilíochtaí a bhaint amach. Is féidir go mbeidh cuid de na cúntóirí seo ag tabhairt faoin PGCE amach anseo agus is féidir go mbeidh siad ar ais ag obair linn mar mhúinteoirí sa todhchaí- bheadh fáilte rompu!


Gaelcholáiste Dhoire has a support staff team that is second to none. Classroom assistants form an integral part of that team and we are very lucky to have a mixture of youthful energy as well as experience on that team.

Classroom assistants work closely with an individual student or class and while the period of remote learning has posed some challenges to this work, our classroom assistants (CA) have engaged in imaginative ways to continue to meet the needs of their students.

The CA group are responsible for ensuring that the programme of online learning runs smoothly. They host online classes, allowing the teacher to concentrate on the lesson and make sure that the students have access to Google Classroom. They have daily online sessions with the children they work with, either individually or in small groups - making sure that the students understand their work. We are very lucky to have such a hardworking support team in Gaelcholáiste Dhoire and parental feedback pays tribute to their dedication and commitment.

No events found
10-Ean-2024
Tá fáilte roimh thuismitheoirí / chaomhnóirí pháistí Rang 7 nach féidir freastal ar an lá oscailte teacht chuig an scoil Dé Máirt 16ú Eanáir idir 6-7 in. Parents/guardians of P7 children who are unable to attend the Open Day are welcome to visit the
Caisleán Dhún Geimhin, Dún Geimhin, Co Dhoire, BT47 4LF.
028 7774 1015
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste Dhoire