Gaelcholáiste Dhoire

Peileadóirí agus Camógaithe an Ghaelcholáiste ag baint barrfeabhais amach

Well done to the Y8 footballers who took home a resounding win in the final of the Oisín Mhic Craith Shield against St. John the Baptist College, Portadown as well as lifting the division C shield against St Paul’s Bessbrook
28-Meán Fómhair-18
Peileadóirí agus Camógaithe an Ghaelcholáiste ag baint barrfeabhais amach

D’éirigh le foireann chamógaíochta na scoile cluiche ceannais Uladh a bhaint amach don dara bliain agus cé nár éirigh leo an bua a bhreith leo ar an lá bhí cluiche den scoth acu in éadan Choláiste Naomh Cholm, Baile na Scríne.

D’éirigh go hiontach le peileadóirí Bhliain 8 ina bhfeachtais iomaíocha i mbliana. Bhí an bua ag foireann na scoile i gcluiche ceannais a gcomórtais féin ar an Aoine roimh dheireadh an téarma in éadan Choláiste N. Eoin Baiste, Port an Dúnáin. Níor chuir an fuacht agus an bháisteach isteach ar fhoireann an Ghaelcholáiste agus thóg siad leo an lá. Ní raibh an feachtas críochnaithe ag ochtar buachaillí a imríonn le comhfhoireann Ghleann na Ró faoi bhainistíocht Chrissy McKaigue. D’éirigh leo siúd an bua a bhaint amach i Roinn C den chomórtas céanna in éadan Choláiste Naomh Póil, an Sruthán. Nach iontach gur féidir le buachaillí an Ghaelcholáiste bheith iomaíoch agus rathúil ag leibhéil éagsúla sa chomórtas atá ag teacht lena gcumas.


Well done to the Y8 footballers who took home a resounding win in the final of the Oisín Mhic Craith Shield against St. John the Baptist College, Portadown as well as lifting the division C shield against St Paul’s Bessbrook in December with the joint Gleann na Ró team with St Marys/St Patricks. Congratulations again to the Gleann na Ró camogie team who reached an Ulster Final for the second year in a row.

Peileadóirí agus Camógaithe an Ghaelcholáiste ag baint barrfeabhais amach
No events found
10-Ean-2024
Tá fáilte roimh thuismitheoirí / chaomhnóirí pháistí Rang 7 nach féidir freastal ar an lá oscailte teacht chuig an scoil Dé Máirt 16ú Eanáir idir 6-7 in. Parents/guardians of P7 children who are unable to attend the Open Day are welcome to visit the
Caisleán Dhún Geimhin, Dún Geimhin, Co Dhoire, BT47 4LF.
028 7774 1015
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste Dhoire