Gaelcholáiste Dhoire

Peileadóirí agus Camógaithe an Ghaelcholáiste ag baint barrfeabhais amach

Gaelcholáiste teams are going from strength to strength with the U16 Camogie girls playing in their third Ulster Final and first Senior Final in January. The U16 ladies footballers narrowly lost their Ulster Semi-Final and the
29-Samhain-19
Peileadóirí agus Camógaithe an Ghaelcholáiste ag baint barrfeabhais amach

Is ó neart go neart atá mná óga an Ghaelcholáiste ag dul i mbliana. Rinne foireann pheil ghaelach na mban F16 stair nuair a d'éirigh leo dul a fhad le cluiche leathcheannais Uladh i gCorn na hÉirne don chéad uair. D’éirigh Naomh Fancea (Fear Manach) róláidir sa cheathrú deireanach den chluiche agus in ainneoin trí chúl ó chaptaen, Keeley Ní Bhrolcháin, ní raibh muid in ann an bhearna a shárú. I mí Eanáir, beidh na camógaithe ag imirt ina gcéad chluiche ceannais sinsearach in éadán Coláiste Dean Mhig Uidhir, An Charraig Mhór. Seo an tríú bliain do na cailíní seo bheith i gcluichí ceannais Uladh. Tá iománaithe F13.5 agus peileadóirí F12.5 tar éis teacht trí na chéad bhabhtaí ina gcuid comórtais agus beidh na chéad socruithe eile le himirt sa bhliain úr. Tar éis an oiread sin ratha anuraidh san iomáint agus sa pheil ghaelach leis an Ghaelcholáiste agus le Gleann na Ró, tá pobal na gcluichí gaelacha ag dúil go mór leis an bhliain úr agus na dúshláin atá rompu.


Gaelcholáiste teams are going from strength to strength with the U16 Camogie girls playing in their third Ulster Final and first Senior Final in January. The U16 ladies footballers narrowly lost their Ulster Semi-Final and the boys teams in both codes are doing well in their competitions. The school community are looking forward to supporting the teams in key matches in the New Year!

No events found
10-Ean-2024
Tá fáilte roimh thuismitheoirí / chaomhnóirí pháistí Rang 7 nach féidir freastal ar an lá oscailte teacht chuig an scoil Dé Máirt 16ú Eanáir idir 6-7 in. Parents/guardians of P7 children who are unable to attend the Open Day are welcome to visit the
Caisleán Dhún Geimhin, Dún Geimhin, Co Dhoire, BT47 4LF.
028 7774 1015
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste Dhoire