Is foclóir ar líne é an Ríomhfhoclóir Matamaitice ina bhfuil sainmhíniú ar théarmaíocht na matamaitice. Tá íomhá nó beochan ann do gach téarma, chomh maith le comhaid fuaime, sampla d’úsáid an téarma, eolas gramadaí, agus liosta de na téarmaí gaolmhara.
Is féidir cuardach a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla agus is féidir cuardach casta a dhéanamh de réir réimse nó aoisghrúpa. Tá téarmaí ann a bhaineann le gach aoisghrúpa, ón Bhonnchéim go dtí Ardleibhéal.